Header

Menu

play soundclip for An Ciarraíoch Mallaithe

An Ciarraíoch Mallaithe

Traditional
Má leanaim go dian tú siar chun Cairibreach Caillfead mo chiall mura driallfair abhaile liom, óró, bead ag sileadh na ndeor. Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid, stampa Rí Shacsain go cruinn i dtaisce agat, óró, i gcomhair costais an róid. Ní bheidh cloig ar ár ndornaibh ó rómhar na ngarraithe ná ó chruachadh na móna ná an fómhair á leathadh orainn, beidh rince fada againn más é is fearra leat, ór agus airgead, ól agus beathuisce, óró, fad a mhairfimid beo. Do shiúlfainn an saol go léir is an Bhreathnaisc leat is níorbh fhearr liom bheith in Éirinn ag éisteacht Aifrinn, óró, nó i Sasana Nua. Ach ná creidim ód' bhéal dhá dtrian dá nabrann mar is fear magaidh thú 'bhíos ag mealladh ban óró, le do reacaireacht spóirt. A chumann mo chléibhe is a réaltan mhaisealach, ní neosfainn bréag ó m' bhéal ar chapall duit ar eagla an pheaca is go mbeimis damanta. Grá atá ceangailte im lár nach scarfainn leat óró go dtéad síos faoin bhfód.

Available On